Home » Arts & Culture » Gradaim Ghaeilge an Chláir do 2012 Bronnta

Gradaim Ghaeilge an Chláir do 2012 Bronnta


Tá Gradaim Ghaeilge an Chláir do 2012 bronnta ag an eagraíocht An Clár as Gaeilge Teo. Is gradaim iad seo a bhronntar ar bhonn bliantúil ar an comhlacht agus ar an duine a dhéanann an méid is mó chun an Ghaeilge a chur chun cinn ina gnáth-shaolta.

 

Ba é Siopa na mBróg, Sráid Uí Chonaill a bhuaigh an gradam don comhlacht/gnó is fearr agus bronnadh gradam Pearsa Gaeilge na Bliana ar Áine Uí Mhaolchéire, Iar-Mhúinteoir i bhFeighil ar Ghaelcholáiste an Chláir.

Bhron Seán Ó Ceallaigh, Cathaoirleach An Clár as Gaeilge Teo., plaic speisialta ar Pat Mc Carthy, úinéir Siopa na mBróg, ag ócáid speisialta ins an Rowan Tree Café le linn Féile Leabhar na Nollag le déanaí. Ag labhairt ag an mbronnadh, dúirt an tVasal. Ó Cealaigh “Ó thosnaigh An Clár as Gaeilge ag bronnadh Gradam Gaeilge ar lucht gnó na hInse sé bliana ó shin, do b’é a bhí i gceist againn – siopadóirí na hInse a spreagadh chun na cúpla focal a úsáid leis an bpobal. Is cuid den fheachtas nó straitéis chun úsáid na Gaeilge a leathnú i measc an phobail i gcoitinne. Is chuige sin a bhfuil Inis Dom á sheoladh i measc na siopadóirí chun pé feidhm is féidir leo as an nGaeilge a d’fhoghlaim siad ar scoil, mar is chuige sin a fuaireadar eolas ar an dteanga – ní chun í a chur ar ais i reoiteoir an fhothchoinsias nó dí-chuimhne. Beatha Teanga Í a Labhairt, fiú muna bhfuil ann, ach an cúpla focal féin.”

“Tá aithne againn ar Pat McCarthy – fear gnó, anseo in Inis le fada an lá, ó tháinig sé aníos chugainn ó Chiarraí. Le blianta fada tá Siopa na mBróg ar shiopa Pat agus tá Gaeilge don chuistiméar gur theastaigh sin uathu. Ceann d’iliomad buanna atá ag Pat mar shiopadóir is ea chomh lách agus atá sé i mbun a ghnó agus a fheabhas atá a shiopa leagtha amach aige.

Nuair a chuireann tú é sin le cois a chuid Gaeilge is togha shiopadóir é, chomh maith le é a bheith sásta Gaeilge a labhairt lena cuistiméirí más áil leo sin. Is chuige sin agus dá bharr sin, atáimid breá sásta Gradam Gaeilge na bliana 2012 a bhronnadh ar Phat McCarthy. Ciarraíoch é a bhfuil meas thar chuimse air i measc muintir na hInse anseo i gContae an Chláir” a dúirt an an tVasal. Ó Ceallaigh.

Ag glacadh leis an duais, dúirt Pat McCarthy go raibh áthas air gur roghnaíodh Siopa na mBróg do ghradam 2012 agus nach raibh coinne ar bith aige lena leithéid. “Cé nach bhfuil líofacht na Gaeilge againn chomh maith is ba mhaith linn, déanaimid iarracht i gcónaí freastail ar chustaméirí trí Ghaeile más maith leo é sin. Ceapaimid go gcuireann sé leis an leibhéil sirbhíse gur féidir linn a chur ar fáil dóibh más féidir linn gnó a dhéanamh leo trí Ghaeilge. Is iontach é an tionscnmah “Inis Dom!” atá curtha ar bun ag “An Clár as Gaeilge” agus cabhraíonn sé go mór linn atmosféar Gaeilge a chruthú sa siopa. Tá súil linn gur féidir linn cur leis an méid atá ar siúl againn agus cabhróidh an gradam seo linn é sin a dhéanamh” a dúirt an tVasal. MCarthy.
Bhron an tUas. Ó Ceallaigh gradam “Pearsa na Gaeilge 2012” ar Áine Uí Mhaolchéire, iar Mhúinteoir i bhFeighl ar Ghaelcholáiste an Chláir a d’éirigh as obair i mbliana. Rinne sé tagairt don obair a rinneadh ag An Clár as Gaeilge chun cuidiú leis an nGaelscolaíocht a chur chun cinn in Inis.

“Bíonn An Clár as Gaeilge i gCónaí ag tacú le hoideachas trí Ghaeilge agus ó tháinig ann dúinn i 2000, rinneamar ár ndíchill tacú leis na hinstitiúidí bun agus dara leibhéil in Inis, b’shin an Ghaelscoil agus an Ghaelcholáiste.
Bunaíodh Gaelcholáiste an Chláir i 1993 chun oideachas dara leibhéal a chur ar fáil do dhaltaí I gContae an Chláir agus bhí agus tá siad faoi stiúir Coiste Oideachais Gairme Beatha an Chláir. Faoi láthair, tá 160 dalta ag freastal ar an gColáiste, is léiriú sontasach é ar an dul chun cinn atá déanta ag an bhfoireann teagaisc. Sna naoi mbliana déag ó bunaíodh an choláiste, tá gaisce múinteoireachta déanta ag an bhfoireann ar son na ndaltaí agus tá feabhas an teagaisc sin le feiceáil sna torthaí árda a bhaineadar amach sna scrúduithe faoina stiúir.

“Tráthnóna táimid ag comóradh gaisce duine den fhoireann sin, sí sin, Áine Bean Uí Mhaoilchéire, iar Mhúinteoir i bhFeighil ar an nGaelcholáiste ó 2004-2012. Bhí sí ar na céad múinteoirí a bhí ag teagasc sa Ghaelcholáiste ó 1993 agus bhí sí ina múinteoir díograiseach sa stair agus sa tíreolas ar feadh na mblianta sin nó gur ghlac sí le cúram Múinteoir i bhfeighil i 2004. San achar sin, thit roinnt cúraimí breise uirthi, toisc go raibh an Ghaelcholáiste ag fás agus ag forbairt i gcónaí ó thaobh líon na ndaltaí agus ilghnéacht an churaclaim, mar dáiríre is cúraimí Príomhoide a bhí uirthi. Chabhraigh sí go mór le camógaíocht a chur chun cinn sa choláiste agus choinigh sí étas na Gaeilge a choinneáil beo beathaíoch i measc na ndaltaí.
Ina cheann sin, bhí cur chun cinn na Gaelcholáiste ar a chúraim, rud a rialaigh sí le stuaim, cumas agus daonnacht, agus tá áthas oraibnn gradam Pearsa Gaeilge an Chláír 2012 a bhronnadh uirthi,” a dúirt an tVasal. Ó Ceallaigh.

Ghabh Bean. Uí Mhaolchéíre buíochas leis An Clár as Gaeilge a bhí i gcónaí mar chrann-taca ag Gaelcholáiste an Chláir agus a chuidigh le forbairt an Choláiste i go leor bealaigh síos tríd na blianta. “Ní bheadh leath den méid atá bainte amach againn déanta, murach an chabhair agus an tacaíocht a fuaireamar ón Clár as Gaeilge. Ach ní féidir linn dearmad a dhéanamh ar na múinteoirí iontacha atá ag obair sa Ghaelcholáiste. ­Glacaim leis an gradam seo thar a gceann freisin,” a dúirt sí.

About News Editor

Check Also

Mac Conmara to bring oral heritage skills to America

TUAMGRANEY historian and author Dr Tomás Mac Conmara is set to spend time in the …